- A NC UI美化in LE阿tan OI車UD 歌詞 Aidan Gillen Not Applicable
- 歌詞
- 專輯列表
- 歌手介紹
- Not Applicable A NC UI美化in LE阿tan OI車UD 歌詞
- Aidan Gillen Not Applicable
- An cuimhin leat an oíche úd
An cuimhin leat an oíche úd Do bhí tú ag an bhfuinneog Gan hata, gan laimhne Do do dhíon, gan chasóg? Shín me mo lámh chugat Is rug tú uirthí barróg Is d'fhan mé i do chomhluadar Nó go labhair an fhuiseog. An cuimhin leat an oíche úd Do bhí tú agus mise Ag bun an chrainn chaorthainn Is an oíche ag cur chuisne? Do cheann ar mo chíochaibh Is do phíob gheal dhá seinm, Is beag a shíleas an oíche úd Go scaoilfeadh ár gcumann! A chumainn mo chroí istigh! Tar oíche ghar éigin Nuair a luífidh mo mhuintir, Chun cainte le chéile. Beidh mo dhá lámh i do thimpeall Is mé ag insint mo scéal duit Is gurb é do chómhra suairc mín tais Do bhain radharc Fhlaithis Dé dhíom! Tá an tine gan choigilt, Tá an solas gan mhúchadh, Tá an eochar faoin doras Is tarraing go ciúin í. Ta mo mháthair ina codladh Agus mise i mo dhúiseacht. Tá mo fhortún i mo dhorn Is mé ullamh chun siúl leat!
|
|